U

Asset Data Analyst - Collection/Anailísí Sonraí Sócmhainne – Bailiúchán

Uisce Éireann
Full-time
On-site
Ireland
Description

We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.

Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.

 We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.

Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.

The Role: 

The Asset Management and Sustainability area is responsible for the development of asset policies, strategies and plans to determine the significant investment required into Ireland’s infrastructure. The area drives investment and the Sustainability and Innovation agenda for the organisation and leads on Environmental Regulation and Compliance activities, ensuring the quality of water and wastewater is continuously monitored. The Asset Management function is responsible for strategic planning, prioritisation, and development of Uisce Éireann’s Capital Works pipeline. The function plays a key role in promoting collaboration and co-ordination of activities across the three asset functions as well as providing environmental assessment and management expertise across Uisce Éireann.

The Asset Intelligence team’s purpose is to connect their customers with quality asset data to drive insights and support decision making. The scope of the team's responsibility covers 4 main areas: Asset Data Insights and Stakeholder Management, Asset Data Management, Asset Data Governance and Special Projects.

Reporting to the Asset Data Technical Lead- Data Capture, the Asset Data Analyst-Collection will be responsible for the collection, processing, and management of asset data within Uisce Éireann’s asset management systems.

 

Main Duties and Responsibilities:

  • Contribute to the collection, processing and management of asset data within Uisce Éireann’s asset management systems 
  • Manage a team of Asset Data Coordinator’s and Support staff
  • Ensure that the asset databases in the relevant systems are maintained and are fit for purpose 
  • Carry out asset data quality assurance and updates in response to changes made or identified in the field
  • Develop new and improve existing processes with the business to ensure effective capture of asset data 
  • Where appropriate provide asset data information for team members and external partners 
  • Contribute to the setting of operational performance indicators relating to asset data 
  • Ensure that processing and provision of asset information aligns with the needs of internal and external stakeholders, and is compliant with statutory and regulatory requirements 
  • Ensure that any required reporting is complete, timely and accurate, and that content is appropriate to users’ needs 
  • Where appropriate, provide guidance and assistance relating to asset data management to other team members and colleagues 
  • Assess integrity and completeness of all asset types such as  -Sewers, Manholes, Watermains, Water Treatment Plants, Wastewater Treatment Plants, Customer Meters, Control Systems etc
  • Liaise with Asset Owners and Stewards in relation to issues concerning asset data quality  and completeness based on intelligence gathered from both internal and external systems (e.g. survey data) 
  • Contribute to formulation and implementation of standards and best practices relating to asset information management and provision, in accordance with, and supportive of, regulatory requirements and company objectives. 
  • Contribute to achieving the objectives and targets of the Asset Management Business plans 
  • Raise risks and issues as appropriate to the relevant Asset Data Technical Lead
  • Participate in ongoing projects as required 
  • Keep up to date with best practice 

 

General Duties and Responsibilities

  • Collaborate with key internal stakeholders across the UÉ business
  • Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards. 
  • Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
  • Other duties as required.

 

Knowledge, Skills and Experience:

  • Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
  • A minimum of 3 years’ experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
  • Experience working with Enterprise Data Systems is desirable, e.g. Maximo, ArcGIS, Sharepoint / ECM
  • Demonstrated people management experience, with strong people, change management and conflict resolution skills
  • Experience in resolving challenges and promoting cross-functional ways of working within a team
  • Ability to develop and maintain effective partnerships with key stakeholders internally and externally
  • Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate information to others
  • Experience using data analytics to challenge decisions and behaviours that don’t align with our values
  • Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
  • Ability to seek out ways to innovate and improve processes to improve service standards 
  • Experience in taking ownership of safety responsibilities and contributing to continuous improvement initiatives

The closing date for receipt of applications for this vacancy is 25/04/2025.

Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.

 

*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.

 

Uisce Éireann is an equal opportunities employer.

 

We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.

 

 

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis..

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumasú.

 Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

 

 

An Ról: 

Tá an réimse Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta freagrach as beartais sócmhainní, straitéisí agus pleananna a fhorbairt chun an infheistíocht shuntasach atá ag teastáil a dheimhniú le cur le bonneagar na hÉireann. Tugann an réimse spreagadh don infheistíocht agus do chlár na hInbhuanaitheachta agus na Nuálaíochta don eagraíocht agus glacann sé ceannaireacht ar ghníomhaíochtaí um Rialú Timpeallachta agus Comhlíontachta, a chinntíonn go ndéantar monatóireacht leanúnach ar cháilíocht an uisce agus ar an bhfuíolluisce. Tá an fheidhm Bainistíochta Sócmhainní freagrach as pleanáil straitéiseach, beartuithe tosaíochta agus forbairt a dhéanamh ar phíblíne Oibreacha Caipitil Uisce Éireann. Tá ról lárnach ag an bhfeidhm i gcomhoibriú agus comheagar gníomhaíochtaí a chur chun cinn thar na trí fheidhm sócmhainne mar aon le measúnuithe timpeallachta agus saineolas bainistíochta a sholáthar thar Uisce Éireann.

 

An aidhm a bhaineann leis an bhfoireann Éirim Sócmhainne ná a gcuid custaiméirí a nascadh le sonraí sócmhainne ar ardchaighdeán chun léargais a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt maidir le cinntí a dhéanamh. Clúdaíonn raon feidhme freagracht na foirne 4 príomhréimse: Léargais Sonraí Sócmhainne agus Bainistíocht Páirtithe Leasmhara, Bainistíocht Sonraí Sócmhainne, Rialachas Sonraí Sócmhainne agus Tionscadail Speisialta.

 

Beidh an t-Anailísí Sonraí Sócmhainne-Bailiúchán freagrach as bailiúchán, próiseáil agus bainistiú sonraí sócmhainní taobh istigh de chórais bainistíochta sócmhainní Uisce Éireann agus beidh an té seo freagrach don Cheannasaí Teicniúil Sonraí Sócmhainne- Gabháil Sonraí.

 

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí: 

  • Cuir le bailiú, próiseáil agus bainistíocht sonraí sócmhainne taobh istigh de chórais bainistíochta sócmhainne Uisce Éireann 
  • Foireann Chomhordaitheoirí Sonraí Sócmhainne agus Foireann Thacaíochta a bhainistiú
  • A chinntiú go bhfuil na bunachar sonraí sócmhainne sna córais ábhartha á gcothabháil agus go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm atá leo
  • Tabhairt faoi ráthú caighdeáin agus nuashonraithe sonraí sócmhainne mar fhreagra ar athruithe a dhéantar nó a aithnítear sa réimse
  • Próisis nua a fhorbairt agus próisis reatha a fheabhsú leis an ngnólacht le cinntiú gabhadh éifeachtach sonraí sócmhainne 
  • Nuair is cuí, faisnéis sonraí sócmhainne a sholáthar do bhaill foirne agus comhpháirtithe seachtracha 
  • Cur le leagadh amach táscairí feidhmíochta oibríochtúla a bhaineann le sonraí sócmhainne 
  • A chinntiú go bhfuil próiseáil agus soláthar fhaisnéis sócmhainne ag ailíniú le riachtanais páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha, agus go bhfuil sé ag comhlíonadh le ceanglais reachtúla agus rialála 
  • A chinntiú go bhfuil aon tuairisciú riachtanach comhlánaithe, in am agus go cruinn, agus go bhfuil an t-ábhar in oiriúint do riachtanais úsáideoirí 
  • Nuair is cuí, comhairle agus cúnamh a sholáthar maidir le bainistíocht sonraí sócmhainne agus go baill foirne agus comhghleacaithe eile 
  • Measúnú a dhéanamh ar chaighdeán agus iomláine gach cineál sócmhainn amhail -Séaraigh, Dúnphoill, Príomhlíonra Uisce, Ionaid Chóireála Uisce, Ionaid Chóireála Fuíolluisce, Méadair Chustaiméara, Córais Rialaithe srl
  • Dul i dteagmháil le hÚinéirí Sócmhainne agus maoir maidir le saincheisteanna lena mbaineann cáilíocht agus iomláine sonraí sócmhainne bunaithe ar éirim bailithe ó chórais inmheánacha agus seachtracha araon (e.g. sonraí suirbhé) 
  • Cur le ceapadh agus cur i bhfeidhm caighdeán agus dea-chleachtais lena mbaineann bainistíocht agus soláthar fhaisnéis sócmhainní, i gcomhréir le, agus ag tacú le ceanglais rialála agus cuspóirí gnólachta. 
  • Cur le cuspóirí agus spriocanna na bpleananna Gnó Bainistíocht Sócmhainní a bhaint amach 
  • Rioscaí agus saincheisteanna a ardú mar is cuí don Cheannasaí Sonraí Sócmhainne ábhartha
  • Páirt a ghlacadh i dtionscadail leanúnacha de réir mar is gá. 
  • Coinneáil suas chun dáta leis an dea-chleachtas 

 

Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta

 

  • Obair i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
  • Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh. 
  • Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach
  • Dualgais eile nuair is gá.

 

Eolas, Scileanna agus Taithí: 

  • Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe
  • Tá taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe nó taithí ábhartha.
  • Tá taithí ag obair le Córais Sonraí Fiontair m.sh. Maximo, ArcGIS, Sharepoint / ECM inmhianaithe
  • Taithí chruthaithe ar bhainistiú daoine, agus scileanna láidre idirphearsanta, bainistithe athruithe agus réitigh coimhlinte 
  • Taithí ar dhúshláin a réiteach agus bealaí ilréimsiúil oibre a chur chun cinn taobh istigh d’fhoireann
  • Cumas a bheith ionat comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach agus seachtrach 
  • Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile
  • Taithí ag baint úsáid as anailísíocht sonraí chun dúshlán a thabhairt do chinntí agus iompraíocht nach bhfuil ag teacht lenár luachanna
  • Inoiriúnaitheacht agus cumas fócas agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
  • An cumas bealaí a lorg chun a bheith nuálach agus próisis a fheabhsú chun caighdeáin seirbhíse a fheabhsú 
  • Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ag cur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.

 

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 25/04/2025.

Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

 

*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.

 

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.

 

Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair, agus spreagaimid iad, a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.